
Ár sárlaoch Brandon!
Tá scamall dubh anuas orainn faoi láthair. Cailleadh ár sárlaoch Brandon Ó Murchú ar an Déardaoin. Táimid ag smaoineamh ar chlann Brandon ag an am dúshlánach seo. Smaoinímid freisin ar chairde Brandon a bhí ar scoil anseo leis. Tá súil againn go bhfaigheann sibh faoiseamh as na cuimhneacháin iontacha atá agaibh leis. Smaoinímid freisin ar na múinteoirí agus cúntóirí a bhí ag obair leis thar na blianta, go háirithe Aoife a bhí mar dlúthchara leis. Cé go bhfuilimid croíbhriste, táimid comh buíoch as an t-am a chaith Brandon linn. Rinne sé gach rud le greann agus dea-aoibh agus d’fhág sé rian ar phobal na scoile. Bhí sé linn ón uair go raibh an foirgneamh réamhdhéanta againn agus ba mhór an onóir a bhí ann é a bheith i mbun plaic oifigiúil na scoile a nochtadh.
Ar dheis Dé go raibh a anam dílis. Ní bheidh a leithéid arís ann.