Turas Scoile agus lá Spórt Rang 5!
Bhí seachtain ghnóthach ag Rang 5 an tseachtain seo. Bhí an lá spórt ar siúl Dé Máirt agus bhí an t-ádh linn leis an aimsir.
Bhí ár dturas scoile againn inné. Chuamar go dtí Caisleán Mullach íde. Bhaineamar an-taitneamh as!