
Seachtain na hEolaíochta i R2
Bhain R2 an-taitneamh as Seachtain na hEolaíochta 2026. Rinneamar turgnaimh gach lá.
Rinneamar uibheacha scrofa chun imscrúdú a dhéanamh ar athrú nach féidir a aisiompú.
Rinneamar tástáil ar ábhair chun oighear a leá.
Rinneamar iniúchadh ar an dúlra sa pháirc.
D’fhéachamar ar an gcaoi a dtaistealaíonn fuaim le sintéasar agus callaire.
Rinneamar lampaí laibhe freisin.
Nach seachtain ghnóthach a bhí ann!

